Seó na Nollag agus Daidí na Nollag i nGaelscoil Cois Feabhail
Bhí oiche dáin, ceoil agus amhráin againn, Chríochnaigh an oíche le cúpla amhrán ó cóir na scoile. Tháinig Daidí na Nollag ar cuairt sula thosaigh sé ar a chuid ullmhúcháin.

Bhí go leor cailleacha, cait and fiú amháin roinnt sciatháin leathair le feiceáil i seomra na naíonáin agus i rang a haon i rith Oíche Shamhna.
Tháinig an Gooch isteach ar cuairt nuair a bhí sé ag treanáil le foireann CLG Bun an Phobail. Bhí go leor ceisteanna againn agus d’fhreagair sé iad go mánla.
Cosúil le gach scoil eile i nDún na nGall bhí fiabhras “Sam Maguire” i nGaelscoil Cois Feabhail. Chuir muid fáilte ollmhór roimh Corn Sam Maguire, cúpla de na himreoirí agus bhí Corn Uladh leo freisin.. Sular shroich Sam an scoil bhí cuid mhór rudaí ag dul ar aghaidh againn. Chaith muid dathanna Dhún na nGall go bródúil agus ghlac gach páiste sa scoil páirt i dTráth na gCeist. Bhí na ceisteanna uilig bunaithe ar Fhoireann Dhún na nGall agus an CLG.
Bhí Mamó Saoirse ar an gClipper agus tháinig sí ar cuairt chugainn. D’inis sí dúinn faoin turas ollmhór agus thaispeáin sí cuid mhór grianghrafanna dúinn.