Oíche Shamhna 2016
Seachtain Mhata – Deireadh Fómhair 2016
Seachtain Eolaíochta – Samhain 2016
An Seó Nollag 2016
Bhí na páistí ar fheabhas ar fad ag ár Seó Nollag. Maith sibh a pháistí!
Oíche Shamhna 2016
Seachtain Mhata – Deireadh Fómhair 2016
Seachtain Eolaíochta – Samhain 2016
An Seó Nollag 2016
Bhí na páistí ar fheabhas ar fad ag ár Seó Nollag. Maith sibh a pháistí!
Táimid díreach ar ais ó saoire na Nollag agus réidh do 2015. Bhí lá iontach againn i seomra na naíonáin leis na bréagáin a thug Daidí na Nollag dúinn. Bhí gach duine ag roinnt agus ag súgradh lena chéile.
Bhí neart rírá agus ruaille buaille i seomra na naíonáin ar feadh cúpla seachtain anuas. Rinne muid imscrúdú ar chré agus chonaic muid: ciaróga, céadchosaigh, seangáin, péisteanna, seilidí agus boilb.
Tháinig turtair, hamstar agus torbáin ar cuairt freisin agus chuir muid fáilte mhór rompu.
Ag déanamh réidh do na péisteanna-ag cur ithir agus gainneamh sa phiastlann.
D’fhoghlaim páistí sna hardranganna conas sruth leictreachais a dhéanamh ag úsáid ceallra, bolgán agus sreang. Chuir siad sreang idir an ceallra agus an bolgán agus ceann eile idir an bolgán agus an ceallra.
Rinne siad cúpla turgnamh fósta:
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ná bolgán amháin sa chiorcad?
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ceallraí sa chiorcad?
Scríobh siad síos na torthaí agus rinne siad comparáid orthu lena chairde.
I rith an Fhomháir ghlac na páistí i rang a 2 agus 3 meascán de torthaí, glasraí agus lúibheanna ón ghairdín isteach sa seomra ranga chun iad a bhlaiseadh. Rinne Áod píog úll as torthaí ó ghairdín s’aige. Bhí sí galánta! Bhí an-craic acu an lá sin!!!!
Na hardranganna
Turgnamh: Ráta buailte an chroí a thomhas.
Fuair siad a gcuisle agus chomhair siad na builli ar feadh 60 soicind.
Ansin, rith siad sa chlós ar feadh 2 nóiméad agus chomhair siad na buillí arís.