Oideachas Malartach

Tugann Gaelscoil Cois Feabhail an deis do thuismitheoirí ar chósta thoir Inis Eoghain a gcuid páistí a chur go bunscoil lán-Ghaeilge. Tuigeann tuismitheoirí na buntáistí a bhaineann leis an ngaelscolaíocht agus da bhrí sin tá siad ag roghnú an oideachais trí mheán na Gaeilge.

Osclaíodh Gaelscoil Cois Feabhail sa bhliain 2000 i mBun an Phobail  – ní raibh ach dornán daltaí ag freastal uirthi i mbliain a bunaithe. Ó shin i leith, ta sí ag dul ó neart go neart.

Is malairt í an ghaelscolaíocht ar an ngnáth-scolaíocht Bhéarla.  Déantar na páistí a theagasc trí mheán na Gaeilge; de réir taighde atá déanta ar an oideachas dá-theangach, éiríonn níos fearr le páistí an tumoideachais ar scoil agus is mór an chabhair é an tumoideachas i bhfoghlaim teangacha eile agus in ábhair eile freisin ar nós an cheoil agus na n-ealaíon.

Tá sé mar aidhm ag Gaelscoil Cois Feabhail saol iomlán an pháiste a fhorbairt – go hacadúil, go spioradálta agus go sóisialta.