Téarma 1 2016-2017

Oíche Shamhna 2016
Páisti ag baint sult as cluichí a imirt agus a bheith gléasta suas.

Seachtain an Mhata- October 2016

Seachtain an Mhata 15ú- 23ú deireadh Fómhair 2016. Ag baint sult as!

Seachtain Eolaíochta – 2016

Seó Nollag 2016

Na trí mhuca.

Breagáin

 
Táimid díreach ar ais ó saoire na Nollag agus réidh do 2015. Bhí lá iontach againn i seomra na naíonáin leis na bréagáin a thug Daidí na Nollag dúinn. Bhí gach duine ag roinnt agus ag súgradh lena chéile.

 

Leictreachas

Leictreachas

OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

D’fhoghlaim páistí sna hardranganna conas sruth leictreachais a dhéanamh ag úsáid ceallra, bolgán agus sreang. Chuir siad sreang idir an ceallra agus an bolgán agus ceann eile idir an bolgán agus an ceallra.

Rinne siad cúpla turgnamh fósta:
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ná bolgán amháin sa chiorcad?
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ceallraí sa chiorcad?
Scríobh siad síos na torthaí agus rinne siad comparáid orthu lena chairde.

Cois trá i gCúil Dabhacha.

Bhí lá iontach ag na naíonáin, rang a haon agus a rang a dó cois trá i gCúil Dabhcha.
D’imir muid sa ghaineamh agus rinne muid caisleáin. Bhí picnic againn, cluiche peile agus chaith muid tréimhse san fhaiche imeartha. Bhí lá ar dóigh againn.

An chéad bhabhta do CnaB

D’óstáil Gaelscoil Cois Feabhail an chéad bhabhta i rannóg s’acu i gcomórtas Cumann na mBunscol. Ghlac na buachaillí agus na cailíní páirt sa blitz.
Ar dtús d’imir na buachaillí ceithre chluichí, bhí an bua acu i ngach cluiche, ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile gan aon fhadhb.

Ansin tháinig na cailíni agus bhí orthu trí chluiche a imirt, agus sa deireadh bhí playoff idir iad féin agus Tiernasligo. Tuirseach mar gheall ar na cluichí a d’imir siad, rinne siad a ndícheall sa chluiche dheireanach. Tháinig siad le chéile agus thaispeáin siad cé chomh láidir is atá siad agus bhí an bua acu.

Comhghairdeas do na buachaillí agus na cailíní a ghlac páirt sa blitz agus adh mór sa chéad bhabhta eile!!!!!!!

Page 1 of 212