D’óstáil Gaelscoil Cois Feabhail an chéad bhabhta i rannóg s’acu i gcomórtas Cumann na mBunscol. Ghlac na buachaillí agus na cailíní páirt sa blitz.
Ar dtús d’imir na buachaillí ceithre chluichí, bhí an bua acu i ngach cluiche, ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile gan aon fhadhb.
Ansin tháinig na cailíni agus bhí orthu trí chluiche a imirt, agus sa deireadh bhí playoff idir iad féin agus Tiernasligo. Tuirseach mar gheall ar na cluichí a d’imir siad, rinne siad a ndícheall sa chluiche dheireanach. Tháinig siad le chéile agus thaispeáin siad cé chomh láidir is atá siad agus bhí an bua acu.
Comhghairdeas do na buachaillí agus na cailíní a ghlac páirt sa blitz agus adh mór sa chéad bhabhta eile!!!!!!!
Na hardranganna
Turgnamh: Ráta buailte an chroí a thomhas.
Fuair siad a gcuisle agus chomhair siad na builli ar feadh 60 soicind.
Ansin, rith siad sa chlós ar feadh 2 nóiméad agus chomhair siad na buillí arís.
Bhí cuid mhór uibheacha, plúr, bainne, siúcra agus órshúlach i nGaelscoil Cois Feabhail ar Lá na Pancóga.
Bhí muid ag cócaireacht agus ag ithe an trathnóna ar fad. YUM! YUM!
Bhí ceardlann croise Bríde againn ar scoil ar Lá Fhéile Bríde. Tháinig roinnt tuismitheoirí agus seantuismitheoirí isteach chun an cheird a thaispeáin dúinn. Bhain na páistí agus na múinteoirí chomh maith le na cuairteoirí an-sult as an thráthnóna.
Seó na Nollag agus Daidí na Nollag i nGaelscoil Cois Feabhail
Bhí oiche dáin, ceoil agus amhráin againn, Chríochnaigh an oíche le cúpla amhrán ó cóir na scoile. Tháinig Daidí na Nollag ar cuairt sula thosaigh sé ar a chuid ullmhúcháin.