Táimid díreach ar ais ó saoire na Nollag agus réidh do 2015. Bhí lá iontach againn i seomra na naíonáin leis na bréagáin a thug Daidí na Nollag dúinn. Bhí gach duine ag roinnt agus ag súgradh lena chéile.
Fáilte ar ais i ndiaidh laethanta saoire an tsamhraidh agus fáilte speisialta do na naíonain a thosaigh i mbliana. Fiche agus a haon san iomlán. “De du run run run” do fhoireann Dhún na nGall le teacht.
Bhí neart rírá agus ruaille buaille i seomra na naíonáin ar feadh cúpla seachtain anuas. Rinne muid imscrúdú ar chré agus chonaic muid: ciaróga, céadchosaigh, seangáin, péisteanna, seilidí agus boilb.
Tháinig turtair, hamstar agus torbáin ar cuairt freisin agus chuir muid fáilte mhór rompu.
Ag déanamh réidh do na péisteanna-ag cur ithir agus gainneamh sa phiastlann.
Comhghairdeas do iardhalta na scoile seo, Finn MacLochlainn, a d’imir ar fhoireann peile ó Inis Eoghain a bhuaigh an “Foyle Cup” don chéad uair.
Bhí lá iontach ag na naíonáin, rang a haon agus a rang a dó cois trá i gCúil Dabhcha.
D’imir muid sa ghaineamh agus rinne muid caisleáin. Bhí picnic againn, cluiche peile agus chaith muid tréimhse san fhaiche imeartha. Bhí lá ar dóigh againn.
Bhí seachtain iontach againn. Seo roinnt de na himeachtaí a bhí ar siúl i nGaelscoil Cois Feabhail. An “Bricfeasta Mór”, Ceolchoirm traidisiúnta le seinnteóirí ó Inis Eoghain, Tráth na gCeisteanna, agus Lá Mór le Eamon McGee ó fhoireann Dhún na nGall . Chríochnaigh Seactain na Gaeilge le Céilí agus le torthaí chomórtais ealaíne na scoile. Comhghairdeas do na buaiteoirí.
Chun níos mó grianghraif a fheiceáil, téigh go dtí an galleraí