Sam Maguire

Cosúil le gach scoil eile i nDún na nGall bhí fiabhras “Sam Maguire” i nGaelscoil Cois Feabhail. Chuir muid fáilte ollmhór roimh Corn Sam Maguire, cúpla de na himreoirí agus bhí Corn Uladh leo freisin.. Sular shroich Sam an scoil bhí cuid mhór rudaí ag dul ar aghaidh againn. Chaith muid dathanna Dhún na nGall go bródúil agus ghlac gach páiste sa scoil páirt i dTráth na gCeist. Bhí na ceisteanna uilig bunaithe ar Fhoireann Dhún na nGall agus an CLG.

You may also like