Cois trá i gCúil Dabhacha.

Bhí lá iontach ag na naíonáin, rang a haon agus a rang a dó cois trá i gCúil Dabhcha.
D’imir muid sa ghaineamh agus rinne muid caisleáin. Bhí picnic againn, cluiche peile agus chaith muid tréimhse san fhaiche imeartha. Bhí lá ar dóigh againn.

An chéad bhabhta do CnaB

D’óstáil Gaelscoil Cois Feabhail an chéad bhabhta i rannóg s’acu i gcomórtas Cumann na mBunscol. Ghlac na buachaillí agus na cailíní páirt sa blitz.
Ar dtús d’imir na buachaillí ceithre chluichí, bhí an bua acu i ngach cluiche, ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile gan aon fhadhb.

Ansin tháinig na cailíni agus bhí orthu trí chluiche a imirt, agus sa deireadh bhí playoff idir iad féin agus Tiernasligo. Tuirseach mar gheall ar na cluichí a d’imir siad, rinne siad a ndícheall sa chluiche dheireanach. Tháinig siad le chéile agus thaispeáin siad cé chomh láidir is atá siad agus bhí an bua acu.

Comhghairdeas do na buachaillí agus na cailíní a ghlac páirt sa blitz agus adh mór sa chéad bhabhta eile!!!!!!!

Comórtas Ealaíne

Mar chuid de cheiliúradh  Seachtain na Gaeilge bhí comórtas ealaíne sa scoil againn. An téama a bhí ag na hardranganna na seanfhocal a thaispeáint i bpictiúir. Rinne na bunranganna pictiúir iontacha a thaispeáin ‘Ár Scoil’. Bhí post iontach deacair ag na moltóirí an tSúir Anne agus an tSúir Leda buaiteoirí a roghnú. Seo iad na buaiteoirí:

Rang a sé – Shauna Reailtín Nic Eoghain, Rang a Cúig – Andrei Ó’ Caomhánaigh, Rang a Ceathair, Kelene Nic Dhiarmada

Rang a trí – Nuria Oslé Nig Uidhir, Rang a dó – Rian Ó’ Ceallaigh

Rang a haon – Molly Ní Chearnaigh, Naí mhóra – Erin Ní Laoghóg, Naí Bheaga – Molly Ní Chaoidhe

Comhghairdeas do na paistí uilig!!!

Cath na leabhar

Comhghairdeas do rang 4, 5 agus 6 a ghlac páirt sa chéad bhabhta de “Battle of the books” i mí Feabhra.
Comhghairdeas speisialta do Aoife Ní Fhearáin, Niamh Ní Fhearáin, Eoin Ó Dochartaigh agus Finn Mac Lochlain.  Beidh an grúpa seo ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile i Mí an Mhárta. Maith Sibh!!
Na leabhair atá á léamh acu don “cath” ná:
A winter of spies by Gerard Whelan and
Four Kids, 3 Cats, Two Cows and One Witch (Maybe) by Síobhán Parkinson. Ádh mór!!

Lá na Pancóga

Bhí cuid mhór uibheacha, plúr, bainne, siúcra agus órshúlach i nGaelscoil Cois Feabhail ar Lá na Pancóga.
Bhí muid ag cócaireacht agus ag ithe an trathnóna ar fad. YUM! YUM!

Croise Bríde

Bhí ceardlann croise Bríde againn ar scoil ar Lá Fhéile Bríde. Tháinig roinnt tuismitheoirí agus seantuismitheoirí isteach chun an cheird a thaispeáin dúinn. Bhain na páistí agus na múinteoirí chomh maith le na cuairteoirí an-sult as an thráthnóna.