Boscaí Bróg na Nollag – Shoe Box Appeal 2022

Rinne gach rang sa scoil iarracht iontach i mbliana le boscaí bróg na Nollag. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach éinne thar ceann na carthanachta. 
Go raibh céad míle maith agaibh to everyone who took part in the Shoebox Appeal this year. All boxes collected are distributed to Africa and Eastern Europe.

Stair na gCeiltigh sna hArdranganna

Bhí Rang a 5&6 ag déanamh staidéir ar na Ceiltigh faoi láthair. D’amharc siad ar an ealaín agus scríbhneoireacht (ogham) a rinne siad agus a gcuid uirlisí a bhí deánta as iarann. D’fhoghlaim siad faoina dtithe, creideamh agus éadaí chomh maith. Amharcaigí ar na postaeir iontacha a dhearaigh siad.

The Senior classes have been very busy learning about The Celts. They learned about their art, religion, houses, religion and writing. Take a look at some of the fantastic posters they have designed showing some of what they have studied. Maith Sibh!!

Leictreachas

Leictreachas

OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

D’fhoghlaim páistí sna hardranganna conas sruth leictreachais a dhéanamh ag úsáid ceallra, bolgán agus sreang. Chuir siad sreang idir an ceallra agus an bolgán agus ceann eile idir an bolgán agus an ceallra.

Rinne siad cúpla turgnamh fósta:
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ná bolgán amháin sa chiorcad?
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ceallraí sa chiorcad?
Scríobh siad síos na torthaí agus rinne siad comparáid orthu lena chairde.

An chéad bhabhta do CnaB

D’óstáil Gaelscoil Cois Feabhail an chéad bhabhta i rannóg s’acu i gcomórtas Cumann na mBunscol. Ghlac na buachaillí agus na cailíní páirt sa blitz.
Ar dtús d’imir na buachaillí ceithre chluichí, bhí an bua acu i ngach cluiche, ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile gan aon fhadhb.

Ansin tháinig na cailíni agus bhí orthu trí chluiche a imirt, agus sa deireadh bhí playoff idir iad féin agus Tiernasligo. Tuirseach mar gheall ar na cluichí a d’imir siad, rinne siad a ndícheall sa chluiche dheireanach. Tháinig siad le chéile agus thaispeáin siad cé chomh láidir is atá siad agus bhí an bua acu.

Comhghairdeas do na buachaillí agus na cailíní a ghlac páirt sa blitz agus adh mór sa chéad bhabhta eile!!!!!!!