Tá dul chun cinn iontach le feiceáil ar ár scoil úr. Tá siad tosaithe ar chlós na scoile anois. Tá sceitiminí an domhain orainn go léir!!
There has been fantastic progress made on the new school in the last few weeks. Work has even commenced on the school yard. We are so excited!!
Rinne gach rang sa scoil iarracht iontach i mbliana le boscaí bróg na Nollag. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach éinne thar ceann na carthanachta.
Go raibh céad míle maith agaibh to everyone who took part in the Shoebox Appeal this year. All boxes collected are distributed to Africa and Eastern Europe.
Bhí Rang a 5&6 ag déanamh staidéir ar na Ceiltigh faoi láthair. D’amharc siad ar an ealaín agus scríbhneoireacht (ogham) a rinne siad agus a gcuid uirlisí a bhí deánta as iarann. D’fhoghlaim siad faoina dtithe, creideamh agus éadaí chomh maith. Amharcaigí ar na postaeir iontacha a dhearaigh siad.
The Senior classes have been very busy learning about The Celts. They learned about their art, religion, houses, religion and writing. Take a look at some of the fantastic posters they have designed showing some of what they have studied. Maith Sibh!!
Cuireann muid fáilte mhór ar ár naíonáin nua a thosaigh linn an seachtain seo caite. Tá súil againn go mbeidh bliain iontach acu linn!
We welcomed our new Junior Infants to the school last week. We hope they have a fantastic year! Ádh mór!!
Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil an obair ag leanstan ar aghaidh ar an scoil nua. Tá dul chun cinn iontach le feiceáil anois!
Leictreachas
D’fhoghlaim páistí sna hardranganna conas sruth leictreachais a dhéanamh ag úsáid ceallra, bolgán agus sreang. Chuir siad sreang idir an ceallra agus an bolgán agus ceann eile idir an bolgán agus an ceallra.
Rinne siad cúpla turgnamh fósta:
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ná bolgán amháin sa chiorcad?
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ceallraí sa chiorcad?
Scríobh siad síos na torthaí agus rinne siad comparáid orthu lena chairde.
D’óstáil Gaelscoil Cois Feabhail an chéad bhabhta i rannóg s’acu i gcomórtas Cumann na mBunscol. Ghlac na buachaillí agus na cailíní páirt sa blitz.
Ar dtús d’imir na buachaillí ceithre chluichí, bhí an bua acu i ngach cluiche, ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile gan aon fhadhb.
Ansin tháinig na cailíni agus bhí orthu trí chluiche a imirt, agus sa deireadh bhí playoff idir iad féin agus Tiernasligo. Tuirseach mar gheall ar na cluichí a d’imir siad, rinne siad a ndícheall sa chluiche dheireanach. Tháinig siad le chéile agus thaispeáin siad cé chomh láidir is atá siad agus bhí an bua acu.
Comhghairdeas do na buachaillí agus na cailíní a ghlac páirt sa blitz agus adh mór sa chéad bhabhta eile!!!!!!!