An Gailearaí

Ag breathnú siar ar 2014-2015

Breagáin

 
Táimid díreach ar ais ó saoire na Nollag agus réidh do 2015. Bhí lá iontach againn i seomra na naíonáin leis na bréagáin a thug Daidí na Nollag dúinn. Bhí gach duine ag roinnt agus ag súgradh lena chéile.

 

Naíonáin agus Rang a hAon – Feithidí agus Animhithe

Bhí neart rírá agus ruaille buaille i seomra na naíonáin ar feadh cúpla seachtain anuas.  Rinne muid imscrúdú ar chré agus chonaic muid:  ciaróga, céadchosaigh, seangáin, péisteanna, seilidí agus boilb.

Tháinig turtair,  hamstar agus torbáin ar cuairt freisin agus chuir muid fáilte mhór rompu.

 

 

Rang a Dó agus Rang a Trí

Ag déanamh réidh do na péisteanna-ag cur ithir agus gainneamh sa phiastlann.

Leictreachas

Leictreachas

OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

D’fhoghlaim páistí sna hardranganna conas sruth leictreachais a dhéanamh ag úsáid ceallra, bolgán agus sreang. Chuir siad sreang idir an ceallra agus an bolgán agus ceann eile idir an bolgán agus an ceallra.

Rinne siad cúpla turgnamh fósta:
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ná bolgán amháin sa chiorcad?
An athraíonn gile an bholgáin má tá níos mó ceallraí sa chiorcad?
Scríobh siad síos na torthaí agus rinne siad comparáid orthu lena chairde.

Cois trá i gCúil Dabhacha.

Bhí lá iontach ag na naíonáin, rang a haon agus a rang a dó cois trá i gCúil Dabhcha.
D’imir muid sa ghaineamh agus rinne muid caisleáin. Bhí picnic againn, cluiche peile agus chaith muid tréimhse san fhaiche imeartha. Bhí lá ar dóigh againn.

Céad Comaoineach Bealtaine 2013

Yum Yum!! Yum Yum!!
Rang a dó & Iníon Mhic Robhartaigh

An chéad bhabhta do CnaB

D’óstáil Gaelscoil Cois Feabhail an chéad bhabhta i rannóg s’acu i gcomórtas Cumann na mBunscol. Ghlac na buachaillí agus na cailíní páirt sa blitz.
Ar dtús d’imir na buachaillí ceithre chluichí, bhí an bua acu i ngach cluiche, ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile gan aon fhadhb.

Ansin tháinig na cailíni agus bhí orthu trí chluiche a imirt, agus sa deireadh bhí playoff idir iad féin agus Tiernasligo. Tuirseach mar gheall ar na cluichí a d’imir siad, rinne siad a ndícheall sa chluiche dheireanach. Tháinig siad le chéile agus thaispeáin siad cé chomh láidir is atá siad agus bhí an bua acu.

Comhghairdeas do na buachaillí agus na cailíní a ghlac páirt sa blitz agus adh mór sa chéad bhabhta eile!!!!!!!

Seachtain na Gaeilge

Seo blaiseadh:

Lá Domhanda Leabhar

Lá Domhanda Leabhar i nGaelscoil Cois Feabhail. Rinne na páistí an-iarracht arís i mbliana.