An chéad bhabhta do CnaB

D’óstáil Gaelscoil Cois Feabhail an chéad bhabhta i rannóg s’acu i gcomórtas Cumann na mBunscol. Ghlac na buachaillí agus na cailíní páirt sa blitz.
Ar dtús d’imir na buachaillí ceithre chluichí, bhí an bua acu i ngach cluiche, ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile gan aon fhadhb.

Ansin tháinig na cailíni agus bhí orthu trí chluiche a imirt, agus sa deireadh bhí playoff idir iad féin agus Tiernasligo. Tuirseach mar gheall ar na cluichí a d’imir siad, rinne siad a ndícheall sa chluiche dheireanach. Tháinig siad le chéile agus thaispeáin siad cé chomh láidir is atá siad agus bhí an bua acu.

Comhghairdeas do na buachaillí agus na cailíní a ghlac páirt sa blitz agus adh mór sa chéad bhabhta eile!!!!!!!

You may also like